A chuid seanchas faoi Mháire an Chlochán Léith a rugadh agus a tógadh i Leitir Cath. Bhí cúigear clainne ina teaghlach. D’fhág sí an baile agus d’imigh sí go Nua Ealainn i ndiaidh easaontas idir í féin agus a hathair. Bhí sí in ainm a bheith ag dul amach le oifigeach den RIC agus chur a hathair stop leis. Ar an bhád casadh fear as Contae an Chláir uirthi agus pósadh i Nua Ealainn iad. Fuair sí bás nuair a bhí sí 19 bliana d’aois agus fuair a leanbh bás 4 mhí ina dhiaidh sin. Ní raibh tomba ar bith ar a huaigh go dtí go deachaigh fear, Páidí Bán Mac Ruairí amach le hairgead a cruinníodh ar an Chlochán Liath fá choinne a huaighe. Seanchas faoin siopa a bhí ag a teaghlach agus chaill siad é. | 00:11:03 | |